Scoil Ṁuire, 1 Sidney Place, Wellington Road, Cork City T23 PF76 | Tel: 021 4501844 | E-mail: info@scoilmhuirecork.ie | Payment Portal

Scoil Mhuire Cork
~Nurturing for Life~

Scoil Ṁuire, 1 Sidney Place, Wellington Roa Cork City T23 PF76 Tel: 021 4501844 E-mail: info@scoilmhuirecork.ie

Gaeilge

“Labhair í agus mairfidh sí”

 

An aidhm atá againn mar mhúinteoirí Gaeilge ná an Ghaeilge, go háirthe an Ghaeilge labhartha agus an cultúr a chur chun cinn i measc na ndaltaí inár scoil. Cuirimid béim ar an nGaeilge labhartha sa rang agus timpeall na scoile. Cabhraíonn labhairt na teangan le na scileanna uilig. Bímid tacúil agus déanaimid iarracht gach dalta a spreagadh agus a dul chun cinn pearsanta féin a dhéanamh.

Topics Covered

Don tSraith Shóisearach, pléimid topaicí sa chéad bhliain cur i gcás mé féin agus caitheamh aimsire gan ach cuid acu a lua. Tugaimid blaiseadh don litríocht sa chéad bhliain chomh maith. Sa Dara agus Tríú Bliain, forbraímid scileanna scríbhneoireachta agus cluastuisceana agus pléimid filíocht agus úrscéal. I rith na hidirbhliana, cuirimid béim ar scileanna labhartha agus dírímid ar an ngramadach. Don Sraith Shinsearach, clúdaímid prós, filíocht, dráma, cúrsaí reatha, sraith pictiúr agus a lán rudaí eile nach iad.

 

Skills Developed

Forbraímid scileanna labhartha, scileanna scríbhneoireachta, scileanna taighde, scileanna uimhreachta, scileanna litearthachta, scileanna tuisceana, comhoibriú, scileanna cruthaitheachta, scileanna éisteachta agus scileanna díospóireachta. Múinimid cur chuige do chur i láthair agus cruthaímid meas don teanga agus cultúr. Forbraímid féinmhuinín ár ndaltaí ina gcumas Gaelainne. Spreagaimid ár ndaltaí i gcónaí ionas gur féidir leo cur lena scileanna smaointeoireachta criticúla.

 

Possible career pathways

Tá na féidireachtaí le Gaeilge ag méadú agus is buntáiste ollmhór í an Ghaeilge a bheith agat ar an gcaighdéan ard a bhíonn againn i Scoil Mhuire. I measc na bpostanna atá ar fáil ná post mar Mhúinteoir- réamhscoil, bunscoil agus méanscoil, post san aisteoireacht, dlí, gnó, aistriúcháin, iriseoireacht, scíbhneoir, leachtóir, comhordaitheoir pleanála, léiritheoir agus tá tréimshsí oiliúna i bParlaimint na hEorpa ar fáil chomh maith.

 

Glacaimid páirt i gcomórtais Gaeilge, díospóireachtaí, turasanna chuig an amharclann agus chuig an bpictiúrlann, céilithe, ceardlanna agus tráth na gceist gan ach cuid dár n-imeachtaí a lua. Déanaimid ár seacht ndícheall cabhrú agus tacú le cuile dalta a sprioc phearsanta a bhaint amach. Mar aon leis sin, cruthaímid atmaisféar taitneamhach agus dearfach inár ranganna agus áit gur féidir le gach dalta a gcuid Gaeilge a fheabhsú agus a n-éachtaí a chéiliúradh.